An deontas le haghaidh bearta iompair inbhuanaithe

Sa bhliain 2017, rinne an tÚdarás Náisiúnta Iompair an clár Deontas le haghaidh Bearta Iompair Inbhuanaithe (nach raibh ar fáil ach i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath roimhe sin) agus Deontas na gCathracha Réigiúnacha (lenar tacaíodh le tionscadail i gCorcaigh, i Luimneach, i nGaillimh agus i bPort Láirge) a chumasc ina gciste amháin, rud a riarann an Rannóg um Fhorbairt Iompair san Údarás é.

Tá sé mar aidhm leis an gclár Deontas le haghaidh Bearta Iompair Inbhuanaithe feabhas a chur ar na roghanna iompair atá ar fáil do dhaoine atá ag lorg roghanna eile ar an gcarr príobháideach. Tá ról lárnach á imirt ag an gcistiú maidir le hathruithe a bhrú chun cinn laistigh de lárionaid uirbeacha ar fud na tíre.

Tá athruithe móra bonneagair ag teacht as an gclár a bhuí leis an gcomhar le húdaráis áitiúla agus gníomhaireachtaí eile stáit agus leis an tacaíocht a cuireadh in iúl don tionscadal trí chomhairliúcháin phoiblí agus trí chomhairliúcháin le geallsealbhóirí. Áirítear leo sin athruithe sna réimsí seo a leanas:

  • Droichid
  • Feabhsuithe ar bhonneagar bus
  • Conairí Rothar
  • Feabhsuithe suntasacha ar acomhail
  • Timpealláin atá ar leas coisithe agus rothaithe
  • Athruithe Bainistíochta Tráchta i Lár na Cathrach

Tríd an gclár Deontas le haghaidh Bearta Iompair Inbhuanaithe, leantar le cistiú a thabhairt do thionscadail áitiúla lena dtacaítear le nascacht coisithe agus rothaithe, le rochtain ar scoileanna agus sábháilteacht timpeall orthu agus leis an iompar poiblí.

Leagtar amach sna tuarascálacha bliantúla ar an gclár na feabhsuithe bonneagair ar urraigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair iad agus ar sholáthair na húdaráis áitiúla iad.

File type
File size
-