BusConnects

Is é is BusConnects ann ná an clár atá á reáchtáil ag an Údarás Náisiúnta Iompair chun feabhas a chur ar sheirbhísí bus ar fud réigiún Bhaile Átha Cliath.

Bíonn Baile Átha Cliath ag fás agus teastaíonn uaidh gréasán ar féidir leis freastal ar chathair i mbéal forbartha.

Tá sé mar aidhm le BusConnects seirbhís bus níos fearr a sholáthar do gach duine, don chathair agus don chomhshaol.

Is é atá i gceist leis seirbhís bus níos fearr, níos iontaofa agus níos éifeachtúla a sholáthar do Bhaile Átha Cliath. 

Áit a mbíonn níos mó busanna ag dul chuig níos mó áiteanna ar bhonn níos minice.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin BusConnects