Sonraí

Chun tacú lena fheidhm um pleanáil iompair agus leis na samhlacha iompair a fhorbairt tuilleadh, déanann an tÚdarás Náisiúnta Iompair raon leathan cineálacha sonraí a bhailiú agus a chomhthiomsú. Agus an Córas um Shamhaltú Réigiúnach á fhorbairt, baineadh leas as raon leathan foinsí sonraí chun a chinntiú go dtabharfaí leis an gCóras an léiriú is fearr is féidir ar an éileamh ar thaisteal agus ar phatrúin taistil ar fud na hÉireann.

Na Sonraí a Bhailímid
  • An Suirbhé Náisiúnta Taistil Teaghlaigh
  • Suirbhé Oideachais Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath
  • An Suirbhé ar Thaisteal Aerfoirt
Na Sonraí a Úsáidimid
  • Sonraí ón tSonraíocht Ghinearálta Fotha Tráchta maidir leis an nGréasán Iompair Phoiblí
  • Suirbhéanna Iompair Phoiblí
  • Sonraí maidir le Paisinéirí Calafoirt
  • Bunachar Sonraí Stadanna Bus NaPTAN
  • Sonraí ó Chórais Uirbeacha Rialaithe Tráchta maidir le Soilse Tráchta
  • Sonraí maidir le hAmanna Turais
  • Níos mó ná 6,000 Comhaireamh Tráchta ón Údarás Náisiúnta Iompair, ó Bhonneagar Iompair Éireann agus ó Údaráis Áitiúla
  • An Geo-Eolaire
  • Sonraí HERE maidir leis an nGréasán Bóithre
  • Bunachar Sonraí Úsáide Talún MyPlan
  • An Daonáireamh ón bPríomh-Oifig Staidrimh
  • Sonraí ón bPríomh-Oifig Staidrimh maidir le Feithiclí Earraí Troma
  • Sonraí Páirceála ón Oifig Luachála
Iarrataí ar Shonraí

I gcás Iarrataí ar Shonraí, déan teagmháil le counts@nationaltransport.ie.

Sonraíochtaí Suirbhé Tráchta

D’fhorbair an tÚdarás roinnt treoirlínte agus teimpléad le haghaidh sonraí tráchta a bhailiú in Éirinn. Trí shonraí a bhailiú ar bhealach cuíchóirithe, beifear in ann iad a chomhtháthú go réidh isteach sa Bhunachar Sonraí Náisiúnta um Chomhaireamh Tráchta atá ar bun ag an Údarás. Is féidir teacht ar na treoirlínte agus na sonraíochtaí le haghaidh sonraí a bhailiú agus a fhormáidiú trí ríomhphost a sheoladh chuig counts@nationaltransport.ie.