An clár spreagthaigh

D’fhógair an Rialtas Plean Spreagthaigh Post Iúil an 23 Iúil 2020. Ba é an aidhm a bhí leis an bpacáiste beart ná téarnamh postbhunaithe a spreagadh agus muinín gheilleagrach a thógáil, agus tionchar Covid-19 á láimhseáil ag an am céanna.

Mar chuid den Phlean Spreagthaigh, cuireadh €52 mhilliún ar fáil d’údaráis áitiúla i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath agus i limistéir uirbeacha Chorcaí, na Gaillimhe, Luimnigh agus Phort Láirge le haghaidh tionscadail incháilithe lena gcuirfí gluaiseacht coisithe agus rothaithe chun cinn agus lena mbreiseofaí inrochtaineacht. Tá clár coibhéiseach cistiúcháin i bhfeidhm tríd an Roinn Iompair do na húdaráis áitiúla uile eile, lena n-áirítear dóibh sin sna limistéir neamhuirbeacha i gContae Luimnigh agus i gContae Phort Láirge.

Tacóidh an cistiú le freagairt na n-údarás áitiúil do dhúshláin Covid-19 agus cabhróidh sé leo bonneagar siúil agus rothaíochta níos fearr a thabhairt do phobail áitiúla agus do ghnóthais áitiúla. Beifear in ann an cistiú a úsáid freisin chun soláthar a dhéanamh d’athruithe ar shocruithe bainistíochta tráchta ar mhaithe leis an spás bóithre foriomlán a ath-leithdháileadh chun feabhas a chur ar áiseanna agus ar shábháilteacht do choisithe agus do rothaithe.

Áirítear na nithe seo a leanas leis na bearta sin, ach gan a bheith teoranta dóibh:

  • Dromchlaí bóthair/sráide a athsholáthar agus línte nua a chur le bóithre/sráideanna (tabhair faoi deara – ba cheart an rothaíocht a chur san áireamh le linn marcanna bóthair a athsholáthar);
  • Cosáin nó raonta rothar atá fabhtach a atógáil/a athnuachan;
  • Cosáin nó raonta rothar atá nua nó leathnaithe a sholáthar;
  • Áiteanna páirceála rothar a sholáthar;
  • Crua-ghruanna ar bhóithre leathana a thiontú ina raonta rothar (liathbhealaí);
  • Áiseanna trasnaithe níos fearr do choisithe/rothaithe, lena n-áirítear dromchlaí ardaithe, trasrianta síogacha agus trasrianta comharthaithe;
  • Gan ligean d’fheithiclí roinnt bóithre a úsáid, seachas le haghaidh rochtain amháin;
  • Cosáin a mhionathrú ag acomhail, trasrianta ardaithe coisithe a thabhairt isteach, agus leithead bóithre a laghdú ag pointí trasnaithe;
  • An luasteorainn a laghdú agus/nó “Crios Mall” a thabhairt isteach;
  • Oibreacha athshlánúcháin ar dhroichid choisithe/rothar; agus
  • Obair deartha i dtaca le droichead coisithe/rothar a sholáthar sa todhchaí.

Níl sna nithe thuas ach roinnt samplaí de na tograí a chuir údaráis áitiúla faoi bhráid an Údaráis Náisiúnta Iompair lena mbreithniú le haghaidh cistiú sa bhliain 2020 faoin gclár spreagthaigh seo do thionscadail um Bearta Taistil Ghníomhaigh.