Scéimeanna pleanála

Laistigh de Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath

De réir ailt 99 agus 100 den Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath, 2008, ceanglaítear ar Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath agus ar Ghníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin dul i gcomhairle leis an Údarás Náisiúnta Iompair le linn dóibh máistirphlean nó scéimeanna pleanála a ullmhú agus ceanglaítear orthu a chinntiú go mbeidh pleananna nó scéimeanna den sórt sin i gcomhréir leis an Straitéis Iompair.

Le linn dóibh pleananna a dhéanamh, féadfaidh údaráis eile agus gníomhaireachtaí stáit eile i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath tuairimí an Údaráis a iarraidh trí dhul i gcomhairle leis.