Acmhainn líne ghlas Luas a bhreisiú

Soláthrófar acmhainn bhreise ar Líne Ghlas Luas thar na blianta atá romhainn mar thoradh ar an tionscadal um Acmhainn Líne Ghlas Luas a Bhreisiú. Freastalófar ar an éileamh méadaitheach ar an líne idir an gearrthéarma agus an meántéarma freisin.

Áirítear leis an tionscadal na tramanna atá ann cheana ar an Líne Ghlas a fhadú go 55 m agus ocht gcinn eile de thramanna atá 55 m ar fad a cheannach. Tá mórleathnú á dhéanamh ar Iosta Áth an Ghainimh faoi láthair chun an fás i bhflít na Líne Glaise a éascú. Cuireadh ordú le Alstom le haghaidh an flít tramanna atá ann cheana a fhadú.

Beidh gá ann le huasghráduithe a dhéanamh ar an gcóras cumhachta feadh na Líne Glaise chun na tramanna níos faide breise a éascú.

I mí Dheireadh Fómhair 2019, tugadh na chéad tramanna nuashínte isteach ar Líne Ghlas Luas. Tá 25 cinn eile le síneadh agus le cur i mbun seirbhíse thar na 14 mhí atá le teacht. Agus síneadh 11.1 m á chur leo, méadófar fad na dtramanna ó 44 m go 55 m agus méadófar an líon áiteanna do phaisinéirí faoi 30%.

Tá gach ceann de na 26 thram á síneadh ach dhá mhodúl nua atá 11.1 m ar fad san iomlán a chur le gach tram. Fágann sé sin go dtiontófar na tramanna de chineál Luas Citadis 402 (43.6 m) ina dtramanna níos faide de chineál Luas Citadis 502 (54.7 m).

Nuair a bheidh na tramanna sínte in úsáid, méadófar an líon áiteanna do phaisinéirí ó 319 gcinn go 408 gcinn. (89 n-áit bhreise do phaisinéirí ar gach tram).

I dteannta na dtramanna sínte sin, táthar ag súil leis go seachadfar ocht gcinn nua de thramanna atá 55 m ar fad sa bhliain 2020. Beidh spás ann do 408 bpaisinéir ar gach ceann díobh. Tugadh seacht gcinn de thramanna atá 55 m ar fad isteach sa fhlít an bhliain seo caite.

Tá súil againn go maolófar an brú ar sheirbhísí Líne Ghlas Luas mar thoradh ar an mórchlár infheistíochta seo. Tháinig méadú ar an líon turas ar Luas ó 30.5 milliún ceann sa bhliain 2013 go 41.8 milliún ceann sa bhliain 2018 agus bíonn an t-éileamh ag méadú i gcónaí. Bíonn ardéileamh ar leith ann ar sheirbhísí comaitéara ar Líne Ghlas Luas le linn buaic-ama.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin Luas.