Ionad Náisiúnta um Rialú Traenach

Tá Ionad Náisiúnta nua um Rialú Traenach á fhorbairt i Stáisiún Heuston chun teacht in ionad an Ionaid Lárnaigh um Rialú Tráchta atá ann cheana i Stáisiún Uí Chonghaile, rud atá ag feidhmiú de réir a lánacmhainne agus a bhfuil a threalamh ag druidim le deireadh a shaolré fónta. Áirítear leis an tionscadal Córas Bainistíochta Traenach nua a dhearadh, a shuiteáil agus a choimisiúnú chun bainistiú a dhéanamh ar na 600 traein phaisinéirí (líon measta) agus na 10 dtraein lastais in aghaidh an lae a oibríonn ar an ngréasán iarnróid 2,400 km ar fad. Anuas air sin, beidh ionaid rialaithe eile comhlonnaithe leis an Ionad Náisiúnta um Rialú Traenach, mar atá Seomra Rialaithe Tráchta an Gharda Síochána agus ionad rialaithe bainistíochta tráchta réigiúnaigh go sonrach.