MetroLink

Is é an aidhm atá leis an tionscadal MetroLink ná conair iarnróid leithscartha ardacmhainne agus ardmhinicíochta a fhorbairt ó Bhaile Shéarlais go Sord, trí Aerfort Bhaile Átha Cliath. Comhtháthaíonn an Tionscadal MetroLink le seirbhísí Iarnród Éireann, seirbhísí Bhus Átha Cliath agus seirbhísí Luas chun córas lán-chomhtháite iompair phoiblí a sholáthar i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath. Conair tholláin den chuid is mó is ea an chonair. Áirítear léi 16 stáisiún nua, ar stáisiúin faoi thalamh iad 11 cheann díobh, agus áis páirceála agus taistil.

Féach tuilleadh sonraí ar ár leathanach.