‘Crios mall’ a chruthú i Lár Chathair Phort Láirge

Leithdháil an tÚdarás Náisiúnta Iompair cistiú is fiú €55 mhilliún san iomlán ar 547 dtionscadal in 11 chontae chun tacú le gluaiseacht coisithe agus rothaithe agus feabhas a chur ar inrochtaineacht i gcathracha, i mbailte agus i sráidbhailte. Bhí údaráis áitiúla i limistéir amhail Port Láirge incháilithe le haghaidh iarratas a dhéanamh ar chistiú faoin scéim. Tá clár coibhéiseach cistiúcháin i bhfeidhm tríd an Roinn Iompair do na limistéir údaráis áitiúil uile eile.

Féach tuilleadh sonraí anseo.