An Suirbhé Náisiúnta Taistil Teaghlaigh

Cad é an Suirbhé Náisiúnta Taistil Teaghlaigh (NHTS)?

Is staidéar ar nósanna taistil ar fud na hÉireann é an Suirbhé Náisiúnta Taistil Teaghlaigh (NHTS). Tá an NHTS á choimisiúnú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) agus déantar é a reáchtáil de réir reachtaíocht an ÚNI, mar a leagtar amach in Ailt 11, 72 agus 73 den Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath, 2008

Tacaíonn an NHTS le Sprioc 8 – Gníomh 69 de Phlean Gníomhaíochta an Bheartais um Shoghluaisteacht Inbhuanaithe, 2022-2025 de chuid Rialtas na hÉireann.

Is é cuspóir an tsuirbhé ná:

  • Staitisticí faisnéise taistil a bhailiú a thacóidh le pleananna iompair an ÚNI amach anseo;
  • Sonraí taistil riachtanacha cothrom le dáta a chur ar fáil chun tacú le samhaltú iompair réigiúnach;
  • Forbairt uirlisí samhaltaithe iompair breise a éascú, agus;
  • Tacú leis an monatóireacht agus an taighde leanúnach ar phatrúin taistil agus iompair.

Glacfaidh 4,000 teaghlach san iomlán in Éirinn páirt sa suirbhé idir mí Mheán Fómhair agus tús mhí na Nollag 2026.

Cad é An tÚdarás Náisiúnta Iompair

Daoine agus áiteanna na hÉireann a nascadh, trí infreastruchtúr agus seirbhísí iompair inbhuanaithe a sholáthar.

Is comhlacht reachtúil neamhthráchtála é an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) atá faoi stiúir/atá á mhaoiniú ag/atá á threorú ag an Roinn Iompair. Cuireadh ar bun é faoin Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath, 2008.